Foireann Sinsearach Díospóireachta

Comhghairdeachas don Fhoireann Sinsearach Díospóireachta! Maith sibh Saoirse Ní Bhaoil, Laura-Ann Ní Cheallaigh agus Siobhán Ní Dhonnacha. Rinne na cailíní sár-obair aréir (23ú Eanair 2008) nuair a fuair siad tríd chuig an Craobh Reigiúnach i gComórtas Díospóireachta an Phiarsaigh eagraithe ag Gael Linn. An rún a bhí i gceist ná ‘Is seafóid é an teilifís.’ Bhí muidne i gcoinne an rúin. Ghlac Pobalscoil Neasáin, Coláiste Belvedere agus Scoil Chnoc an Teampaill páirt freisin. Táimíd ag tnúth go mór leis an gcéad babhta eile ar an 28ú Feabhra. Coinnigí súil amach le nuacht uainn. Go n-éirí go geal libh a chailíní!